Seolann Méara Chontae Átha Cliath Theas agus Jim Gavin Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil

Seachtain na nGaeilge

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas (CCÁCT) agus Leabharlanna Átha Cliath Theas i gcomhpháirtíocht le hÁras Chrónáin Seachtain Na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) na bliana seo a chur i láthair. Sheol Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Emma Murphy féile SnaGÁCT go hoifigiúil ar an 21 Feabhra i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin, in éineacht le Jim Gavin, pátrún fhéile na bliana seo, agus in éineacht le daltaí ó bhunscoileanna áitiúla. Beidh an clár ar siúl ón 1-17 Márta.

Tá imeachtaí ar fáil do chách agus do gach aois ar fhéilire na bliana seo, ina measc gig speisialta le KILA ar an Aoine 10 Márta in Áras Chrónáin, Dianchúrsa Deireadh Seachtaine Gaeilge le Ray McManus in Áras Chrónáin, ranganna Gaeilge Labhartha i Leabharlanna ar fud an Chontae, tob-Ghaeltacht agus oíche Cheoil agus Rince ar Oíche Fhéile Pádraig in Áras Chrónáin. I mbliana beidh paráidí ar fud an chontae chomh maith, seisiúin cheoil thraidisiúnta Ghaelaigh, agus ar ndóigh maidineacha caife in áiteanna éagsúla, agus iad go léir eagraithe ag Leabharlanna Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.

Tá CCÁCT bródúil as tacaíocht a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge agus tá sí chun tosaigh i gcur chun cinn an fheachtais ‘Gaeilge le Chéile’ trí níos mó deiseanna a chruthú agus daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid agus a labhairt gach lá, ag tosú leis na frásaí simplí cosúil le ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’, agus an téama Gach Lá, Gach Áit agus le Gach Duine á úsáid.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Emma Murphy: “Táimid bródúil tacaíocht a thabhairt don fheachtas Gaeilge le Chéile trí níos mó deiseanna a chruthú agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid gach lá, ag tosú leis na frásaí simplí cosúil le ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Dia Dhuit’ agus trí úsáid a bhaint as an téama Gach Lá, Gach Áit agus le Gach Duine. Ar an iomlán ba mhaith linn an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar bhealach spraíúil, taitneamhach agus oscailte.” Bhí áthas an domhain ar Patrúin SnaGÁCT na bliana seo, Jim Gavin, an ócáid a sheoladh in éineacht leis an Méara agus dúirt sé: “Tá breis agus 100 imeacht á n-eagrú ar fud Chontae Átha Cliath Theas i mbliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leis an bhféilire a chur le chéile. Is deis iontach é dúinn ar fad níos mó Gaeilge labhartha a úsáid.”

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun an bróisiúr a íoslódáil tabhair cuairt le do thoil ar www.sdcc.ie nó www.athcliaththeas.ie.

Sarah Brooks

Sarah Brooks

Sarah has worked in marketing and content creation for many years. In her role at Newsgroup, she is the online editor of www.newsgroup.ie with a particular interest in local news and events. Sarah also works closely with our editorial team on our printed editions in Tallaght, Lucan, Clondalkin and Rathcoole/Saggart. If you have a story and would like to make contact please email Sarah at info@newsgroup.ie.

Share:

Facebook
Twitter
Pinterest
LinkedIn

Related News