Seachtain na Gaeilge 2022

Seachtain na Gaeilge 2022 Photo Ben Ryan

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus ar Leabharlanna Chontae Átha Cliath Theas i gcomhpháirtíocht le hÁras Chrónáin Seachtain na Gaeilge Chontae Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) na bliana seo chur os bhur gcomhair. Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas bródúil as tacaíocht a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge agus tá siad chun tosaigh i gcur chun cinn an fheachtais ‘Gaeilge le Chéile’ trí níos mó deiseanna a chruthú agus daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid agus a labhairt gach lá, ag tosú le frásaí simplí mar ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’, agus leas a bhaint as an téama Gach Lá, Gach Áit agus Gach Aon Duine.

Chun tacú leis seo beidh réimse ollmhór imeachtaí ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge ó GIG le KILA Dé hAoine 25 Márta, Dianchúrsa SPRAOI Deireadh Seachtaine Gaeilge le Ray McManus in Áras Chrónáin ar an 11 agus an 12 Márta agus oíche Cheoil agus Rince Oíche Lá ‘le Pádraig in Áras Chrónáin. I mbliana freisin beidh paráidí ar fud an chontae, Ranganna Gaeilge agus ceardlanna ar siúl sna Leabharlanna, Tob-Gaeltacht, seisiúin cheoil thraidisiúnta Ghaelaigh, agus ar ndóigh maidineacha caife in áiteanna éagsúla, agus is iad Leabharlanna Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus Áras Chrónáin Ionad Cultúir a eagróidh iad go léir.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Peter Kavanagh 

“Seo cuireadh do dhaoine tacaíocht a thabhairt don tionscnamh Gaeilge Le Chéile agus páirt a ghlacadh inti. Tionscnamh é seo a spreagann daoine chun an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil. Níl i gceist leis seo ach trí chéim shimplí: Gaeilge a úsáid, Gach Lá, Gach Áit, le Gach Duine – Use Irish Everyday, everywhere with everybody. Ná déan dearmad, bain úsáid as an oiread Gaeilge agus is féidir leat, nathanna simplí mar: ‘Conas atá tú?’ a úsáid in ionad ‘How are you?’, ‘Go raibh maith agat’ in ionad ‘Thank you’, agus ‘Slán!’ in ionad ‘Goodbye!’ Is féidir leis na frásaí beaga seo saol iomlán nua a oscailt” .

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an bróisiúr a íoslódáil tabhair cuairt ar www.sdcc.ie nó ar www.athcliaththeas.ie.

Pictured: Cllr Peter Kavanagh Mayor of South Dublin launches Seachtain na Gaeilge 2022 with Brian O Gaibhin (Aras Chronain), Simon Breslin and Bernard Dunne (Patron for seachtain na gaeilge) in the Round Tower visitor centre of Bru Chrónáin, Clondalkin.

Sarah Brooks

Sarah Brooks

Sarah has worked in marketing and content creation for many years. In her role at Newsgroup, she is the online editor of www.newsgroup.ie with a particular interest in local news and events. Sarah also works closely with our editorial team on our printed editions in Tallaght, Lucan, Clondalkin and Rathcoole/Saggart. If you have a story and would like to make contact please email Sarah at info@newsgroup.ie.

Share:

Facebook
Twitter
Pinterest
LinkedIn

Related News